Amhrán Mhuínse

A beautifully song version of this bit of sean-nós sung by Síle Denvir and Líadan.

Amhrán Mhuínse

Dhá mbeinn trí léig i bhfarraige nó ar sléibhte i bhfad ó thír
Gan aoinneach beo i mo ghaobhar ann ach raithneach ghlas is fraoch,
An sneachta á shéideadh anuas orm, is an ghaoith dhá fhuadach díom,
‘S mé a bheith ag comhrá le mo Taimín Bán, níorbh fhada liom an oíche.

A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas mé, tá an geimhreadh seo ‘tíocht fuar,
A Mhuire dhílis, céard a dhéanfas an teach seo is a bhfuil ann?
Nach óg, a stór, a d’imigh tú, le linn na huaire breá,
Le linn don chuach bheith ag seinm ceoil, gach duilliúr glas ag fás.

Má bhíonn mo chlann sa mbaile a’am an oíche a bhfaighidh mé bás,
Ó tórróidh siad go groíúil mé trí oíche is trí lá;
Beidh píopaí deasa cailce a’am agus ceaigeannaí is iad lán,
Beidh triúr ban óg ó shléibhte ann le mé a chaoineadh os cionn cláir.

Continue reading