Here’s another great collaboration from TG4’s Anam an Amhráin series - which, by the way is now available on DVD. I highly recommend it. This fun little song is sung by John Beag.
Bean Pháidín
Curfá:
‘S é’n trua nach mise, nach mise
‘S é’n trua nach mise bean Pháidín
‘S é’n trua nach mise, nach mise
‘S an bhean atá aige bheith caillte
Rachainn go Gallaí’ go Gallaí’
Is rachainn go Gallaí’ le Pháidín
Rachainn go Gallaí’ go Gallaí’
Is thiocfainn abhaile sa mbád leis
Curfá
Rachainn go haonach an Chlocháin
Is siar go Béal Á’ na Báighe
Bhreathnóinn isteach tríd an bhfuinneog
A’ súil is go bhfeicfinn bean Pháidín
Curfá
Go mbristear do chosa, do chosa
Go mbristear do chosa bean Pháidín
Go mbristear do chosa, do chosa
Go mbristear do chosa ‘s do chnámha