Iníon An Fhaoit’ ón nGleann

A great bit of sean-nós. Sean Garvey sings from the Gradam Ceoil stage in 2006. I’d be grateful for any leads on the translation to English.

Iníon an Fhaoit’ Ón nGleann

Siúil, a chuid, bí ag gluaiseacht gan scíth, gan stad, gan fuarú,
Tá an oíche ghairid shamraidh ann is beam araon ar siúl,
Mar a bhfaighimid radharc ar chuanta, ceol, aoibhneas, bailte móra,
Is, a Dhia, nach ró-bhreá an uain í d’iníon an Fhaoit’ ón nGleann.

Táimse lán de náire, trí gach beart dá ndearna,
Mar is buachaill óg a chráigh mé is d’imigh uaim mo ghreann.
Ní beo mé mí ná ráithe mura bhfaighe mé póg is grá uait,
Agus fáilte chaoin ó do chairde, a iníon an Fhaoit’ ón nGleann.

Bhí mé lá breá aerach i mo shuí ar bhinn an tsléibhe amuigh
Sea chuala an lon is an chéirseach ag seinm os mo cheann;
Is deas a scríobhfainn bhéarsaí is ní deise ná mar léifinn
Stair do do mholadh féinig, a iníon an Fhaoit’ ón nGleann.

An Cailín Aerach

Eoiní Ó Suilleabháin and Nell Ní Chróinín singing as part of the 2012 Gradam Ceol on Ireland’s TG4. A fantastic example of the generational transmission of the sean-nós tradition.

An Cailín Aerach

Ar maidin Dé Domhnaigh roim Aifreann d’éisteacht,
Bhí cuideachta shúgach i dtigh Neilí Héaly,
Bhí na búird á mbualadh is an t-ól á ghlaoch ann,
Bhí sí ann is níor ól sí braon de.

Curfá: Fal do deal do deigh ró, fal do deal do dé ró,
Fal do deigh dileigh dí dileigh dí dé ró,
Fal do deal do deigh ró, fal do deal do dé ró,
Fal do deigh dileigh dí dileigh dilí dil é ró.

Nuair a thánag-sa abhaile ón Aifreann d’éisteacht,
Do shiúlaíos ina haice siúd a’ g’bháil leathscéil léi,
Ach do tháinig bean a’ tí ‘steach is ba chuma nú an chaor í,
Is do dhibir sí gan mhoill uaim an Cailín Aerach.

Continue reading