Buachaill on Eirne

A great bit of singing and the story behind the song told by Caoimhin Mac an Bhaird. Another great video from TG4’s Abair Amhrán. The songs starts 1:33 into the video.

Buachaill on Eirne

Buachaill ón Éirne mé ‘s bhréagfainn cailín deas óg
Ní iarrfainn bó spré léi tá mé fhéin saibhir go leor
‘S liom Corcaigh da mhéid é, dhá thaobh a’ ghleanna ‘s Tír Eoghain
‘S mura n-athraí mé béasaí ‘s mé n’ t-oidhr’ ar Chontae Mhaigh Eo

Rachaidh mé ‘márach ag dhéanamh leanna fán choill
Gan choite gan bád gan gráinnín brach’ ar bith liom
Ach duilliúr na gcraobh mar éadaigh leapa os mo chionn
‘S óró sheacht m’anam déag thú ‘s tú ‘féachaint orm anall

Buachailleacht bó, mo leo, nár chleacht mise ariamh
Ach ag imirt ‘s ag ól le h’ógmhná deasa an tsliabh
Má chaill mé mo stór ní moide gur chaill mé mo chiall
A’s ní mó liom do phóg ná’n bhróg atáim ag caitheamh le bliain

Continue reading

An Sagairtín

From the Irish sean-nós tradition we’ll hear Síle Denvir sing An Sagairtín (The Little Priest). And stick around from some lively tunes at the end.

An Sagairtín

‘S nach deas an sagairtín é stór mo chroí,
Nach beannaithe an pobal a dtéann sé thríd
Tá branda ó Mhuire aige ‘gus séala ó Chríost,
Is tá sé triall chun a choláistí.

Tá an oíche seo dorcha is tá sí fuar,
‘Gus tá sí ‘goilliúint ar mo chroí go crua;
Mo stór a d’imigh ‘s nach bhfuil le fáil,
‘S a bhéas a’ goilliúint orm nó go bhfaighidh mé bás.

Ó níl mé tinn agus níl mé slán,
Séard a dúirt mo mhuintir go bhfaighinnse bás
A Dhia ‘s a Chríosta, nach mór an feall,
A bheith i ngrá le mnaoi ‘s gan í a’m le fáil.

Ó éist, a chailín deas is ná sil deoir,
Mar ní dhuitse a rugadh mé ná d’aon bhean beo
Ach baistfidh mé do leanbh dhuit le cúnamh Dé,
‘S dhá mbeadh breith ar maiféal a’m, ba leat mé fhéin.

Continue reading