I just adore Nell Ní Chróiní‘s singing with it’s crystalline definition and simplicity. Here she is again on SOTI with a song about a lame duck.
An Lacha Bacach
A chréatúirín leointe is brón liom do dhreach
Im’ choinnibh sa phóirse is tú breoite tinn salach,
Do sciathán ba ró-dheas ag sileadh sa lóib leat,
Is do lapa beag gleoite dar ndóigh ina dhá leath.
Didery aighle dam dodle di am the dam dam…
An t-asal is dócha a thóg tú le speach
Is greadadh go deo air ba mhór é a theaspach
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air
Is ceangal naoi ló air cois teorann le staic.
Tar anseo im’ dhóid chun go dtomhaisead do chneá
Is ná bí chomh glórach ní ceol do bhác-bhác
Idir bhriseadh ‘gus leonadh tá ainnise mhór ort
‘S is céasadh san domhsa mo lacha bhacach