An Cailín Aerach

Eoiní Ó Suilleabháin and Nell Ní Chróinín singing as part of the 2012 Gradam Ceol on Ireland’s TG4. A fantastic example of the generational transmission of the sean-nós tradition.

An Cailín Aerach

Ar maidin Dé Domhnaigh roim Aifreann d’éisteacht,
Bhí cuideachta shúgach i dtigh Neilí Héaly,
Bhí na búird á mbualadh is an t-ól á ghlaoch ann,
Bhí sí ann is níor ól sí braon de.

Curfá: Fal do deal do deigh ró, fal do deal do dé ró,
Fal do deigh dileigh dí dileigh dí dé ró,
Fal do deal do deigh ró, fal do deal do dé ró,
Fal do deigh dileigh dí dileigh dilí dil é ró.

Nuair a thánag-sa abhaile ón Aifreann d’éisteacht,
Do shiúlaíos ina haice siúd a’ g’bháil leathscéil léi,
Ach do tháinig bean a’ tí ‘steach is ba chuma nú an chaor í,
Is do dhibir sí gan mhoill uaim an Cailín Aerach.

Curfá:

Is a Mháire Ní Thuama ná din me a dhaoradh,
Má bhíonn go muar leis an gCailín Aerach,
An canna ‘ bhí cúrach, ní ólfadh braon de,
‘S dá siúlfainn léi an Ruachtach geallaim nár bhaol di.

Curfá:

Dá bhficfinn go brách í ar sráid nú ar aonach,
Bheadh canna agus cárt im láimh i n-aonacht.
Ní thógfainn-se páirt ‘na náire ná a daoradh
Mar do rinncfeadh sí ar chlár liom ar áilleacht Éireann.

Cúrfá:

Agus comhairle a bheirim-se do chailíní óga,
Gan ‘ bheith amu’ go déanach i gcuideachta na n-óig-fhear,
Ach teacht abhaile go luath um thráthnóna
Nú mura ndinid gurb é an allait an bóthar.

- lyrics from Coiste Litríochta Mhúsgraí

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s